School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Núair a bhéadh an Fóghmhar bailighthe isteach ag na sean-daoine fadó dhéarfadh bean-an tighe " Níl an chrúdóg orm anois agus sílim go ndéanfaidh mé píosa flainín" Bhéarfadh sí ar lomra den ollainn, réidteóchadh sí amach é agus chuirfeadh sí rúinne beala air. Gheobhadh sí péire cárlaí annsin agus bhéadh sí ghá cárdál go ndeanfadh sí roiléirí dhe.
Nuair a bhéadh sé cárdálaighthe aici gheobhadh sí túirne ollna. Chuirfeadh sí isteach an fearsad agus an trang ar an roth. Annsin bhéaradh sí ar na roiléire agus thosóchadh sí ag sníomh. Dhéanfadh sí dhá chineal snáithe ceann a tugtar an "dlú" air agus an ceann eile "teineach". Búair a bhéadh sé sníomhtha aici imthochadh sí annsin agus dhéanadh sí ceirtlín dhe. Bhéarfadh sí an snáth go dtí an figheadóir annsin agus chuireadh sí ar an gcrann deilbh é. Caitheadh sí an snaithe cur ar fad ar na h-iotán. Núair a bhéadh sé deilbhighthe thogadh sí anuas é agus chuireadh an figheadóir(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Conriogh
- Gender
- Female
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway
- Informant
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway