School: Béal Cláir (B)
- Location:
- Belclare, Co. Galway
- Teacher: Cristíne Bean Uí Fhithcheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Cláir (B)
- XML Page 0409
- XML “Ag Déanamh Maistridh”
- XML “Ag Déanamh Maistridh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
- Má thagann duine isteach sa teach lá Bealtaine le na phíopa a lasadh agus má thugann na daoine sa teach cead dó é a lasadh ní bheadh im acú ar feadh na bliadhna.
Ní thugann na daoine aon bhainne amach lá Bealtaine mar ní bheadh aon bainne acú ar feadh na bliadhna má thugann siad amach é.
Déartar comhartha na croise ar an gcuinneóig trí úaire sul dá thosuigheann siad ag déanamh é chun an t-im do bheannuigh agus déireann siad "in ainm an athair agus an Mhic agus an spioraid naomh amén."
Cuirtear cúpla splainnc agus píosa íarrainn agus crúb asail faoí an gcuinneóg ar eagla go dtagann na sídheóga agus go goideann siad an t-im.
Nuair a bhíonn na daoine ag déanamh maistre agus má(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Ainmneach
- Gender
- Female
- Address
- Cloonmore, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Ainmneach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Cloonmore, Co. Galway