School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Éadaighe
Ins an bparáiste in a bhfuilim-se in mo chómhnaidhe nil ach beirt táilliúirí. Tá ceann aca in aice baile againn agus tá an ceann eile ins an taobh eile de’n pharáiste. Oibrigheann siad in a dtighthe féin anois, ach fadóbhíodh siad a’ dul thart timcheall ó theach go teach.
Uaireannta chaithidís seachtmhain nó mí in áiteacha agus bhíodh siad ag codhladh ins an teach in a mbíodh siad ag obair. Fadó bhíodh roinnt éadaigh istigh ag an táilliúr agus bhíodh sé a’ déanamh cultacha a cheapadh sé go bhfeileadh do na fir óga. Dhíoladh sé annsin iad agus bhaineadh sé an oiread airgid díobh is go mbeadh roinnt bheag sochair aige, asta, ach, anois tugann na daoine an t-adhbhar chuige agus déanann sé an culaith dhóibh.
Caitheann na daoine an t-éadach a ceannuightear ins na siopaí anois, ach amháin an mhuinntir a dhéanas an t-éadach sa mbaile, siad sin muinntir Árann agus muinntir Chonnamara. Ní chaitheann na daoine an bréidín anois mar tá siad ró-ghalánta le’n a chaitheadh.
Tuairim is ceathrachadh bliadhain ó shoin bhíodh léinteacha dhá dhéanamh as línéadach an bhaile, ach ó shoin i leith níl siad á ndéanamh mar cuireadh deireadh leis an lín san áit. Ach déantar roinnt(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway