School: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Location:
- Newtownsmith, Co. Galway
- Teacher: Sr M. Colmán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)léinteacha fear as éadach láidir a ceannuightear ins na siopaí ar a dtugtar “Calacó” agus cuirtear brollaigh línéadacha ionnta. “Anthraid” a tugtar ar an línéadachsin, a’s seasann na léinteacha sin an-fhada dhóibh.
Déantar an-chuid stocaí a chniotáil sa mbaile sa bparáiste. Déantar stocaí le h-aghaidh na bhfear, stocaí le h-aghaidh na sean-mhná agus stocaí le h-aghaidh na bpáistí sgoile. Déanann siad an snáith a sníomhadh sa mbaile i gcuid de na tighthe agus ceannuigheann na daoine nach bhfuil túirní aca sa muileann é.
Tá go leor túirní sa bparáiste, ach tá cúig cinn ar an mbaile againn. Nuair a déantaoi olann a shníomhadh ins na tighthe fadó, déantaoi an t-olann a bhogadh le’n a dhéanadh mín le “ola bhígh”. Déantaoi é a chárdáil le cárlaí agus déantaoi roiléarí as. Cuirtí an túirne i lár an urláir, agus cuirtí na gléasanna air chun tosnú. Cuirtí an fearsad ar an slionán tosuigh. Cuirtí an sreang tré eag an tromán ar an bhfearsad agus thart ar fhleasg an rotha. Castaoi an roth annsin agus déantaoi an snáith as na roiléarí.
Bhíonn dhá chulaith ag na daoine annois, “culaith le h-aghaidh an Dómhnaigh is culaith le h-aghaidh an Luan mar deirtear. Caitheann na daoine éadaigh speisialta(continues on next page)- Informant
- Stiophán Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway