School: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fiadh [!] an t-sionnaigh.Chuaidh club fear amach ag fiadhac an tsionnaigh lá. D'fhan fear aca amuigh dhá fhiach, indhiaidh na bhfear eile ar fad. D'fhan sé amuigh nó gur bhain an oidhce an lá dhó. Ní raibh a fhios aige cé dtiocfhadh sé. Chonnaic sé solas fadh a radairc uaidh, agus dubhairt sé leis féin go dtaraingeóchadh sé air. Bhí sé féin agus a chapall ag imtheacht thar sgeachaibh, clocha agus gach rud dá raibh ar an mbealach go dtí an solas, bhí an capall indon léimhreach thairis. Nuair a bhí siad go dtí teach an tsoluis, bhuail an fear ar an doras. D'fiafhruig fear an tighe cé bhí annsin, agus céard a bhí uaidh. Dubhairt an marcach go raibh lóistín ag teastáil uaidh go maidin. "Bhel," adeir fear an tighe, "ní fhéadfhaidh mé aon lóistín a thabhairt duit." "Nach bféadfá mé a fhághail faoi dhíon an tighe go maidin" ars an marcach. "Thairs sin féin" adeir fear an tighe, "níl aon stábla agam le n-aghaidh do chapaill. "Níl mise ag íarraidh aon stábla le na h-aghaidh, fanfadh sí ceangailte annsin ag an doras go maidin," arsa an marcach. "Thairis sin féin," adeir fear an tighe, tá trioblóid ar bhean an tighe. Dubhairt an "nurse" go raibh an(continues on next page)
- Informant
- Bhailentín Ó Dubhagáin
- Gender
- Female
- Age
- c. 66
- Address
- An Móinteach Thuaidh, Co. Galway