School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Location:
- Baile Chláir, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Page 0130
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San sean-aimsir bhí fear ina chomhnuidhe i gCathair Ghabhann agus bhí mála airgid aige. Chuir sé cuid de'n airgead i bhfolach i leachtán cloch. Bhí fear ag féachaint air agus tháinig an fear san oidhche agus ghoid sé é. Cúpla lá i na dhiaidh sin d'fhiafruigh sé de'n fhear ar chuir sé a chuid airgid i bhfolach agus dubhairt sé gur chuir sé cuid de agus dubhairt an gaduidhe leis féin go mba mhaith an rud dó féin an t-airgead a ghoid sé uaidh a chur san áit céadhna agus chuir agus an oidhche sin chuaidh an fear eile go dtí an leachtán cloch agus thug sé an t-airgead go léi abhaile leis. Nuair a tháinig an gaduidhe ní raibh aon airgead le fágháil aige.
- Chuaidh siad-san an clochán agus chuaidh mise an casán, Báthadh iad san. Tháinig mise slán.San t-sean aimsir bhí fear ina chomhnuidhe i dTumna Fola. Lá amháin bhualadh suas tinn é agus bhíodh a bhean ag guidhe chun Dé é a leigheas. B'fhearr leithe an tineas a theacht uirthe féin agus a fear a leigheas agus leighiseadh an fear agus bualadh suas tinn í an lá ina dhiaidh sin. Phioc an fear an coileach agus chuir sé isteach san seomra ina raibh an bhean é agus shíl an bhean gurbhé an bás a bhí ag teacht chuiche agus dubhairt sí leis dul ag an bhfear(continues on next page)
- Informant
- Padraig Ó Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Cathair Ghabhann, Co. Galway