School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Poll Séamuis. Ta an pháirc ina bhfuil an poll seo suidhte i gCortún. Sé an fáth a tugtar Poll a Séamuis ar an áit seo mar báitheadh fear dairb ainm dó Séamus Ó Néill ann. Aon oidhche amháin bhí an fear seo ag cuairt agus nuair a bhí sé a' teacht abhaile tháinig an "fóidín a mara" air. Bhí poll mór uisge i lár na páirce agus ní fhaca sé é agus shiubhail sé isteach ann. An lá in a dhiaidh sin chonnaic na daoine é agus ón lá sin amach tugtar an t-ainm sin air.
Poll a Cheiligh. 'Sé an fáth a tugtar an t-ainm sin air mar bhí a lán
sgoibib Ceiligh a' fás ann fadó agus bhí locán mór in aice leó. Tá
siad le feiceál a' fás ann go fóill.
Cnocán na bháire. Sin cnoc mór atá suidhte i gCortún. Tá alán clocha móra ar a bárr. Fadó thagadh a lán daoine go dtí an cnoc sin agus bhíodh siad a' búaladh báire agus a' damhsadh agus a seinm ceóil agus a'
déanamh rudai eile mar sin ar an gcocán sin.
Ball na gCeardchain. Sin áit a bhfuil suidhte in aice leis an seipéil i
gCortún. Sé an fáth a tugtar an t-ainm sin air mar bhí ceardhcan ann fadó agus thagadh a lán daoine chun cruidhte fhágail. Tá an t-ainm ar an áit sin go fóill.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Naoidheanán
- Gender
- Male