School: Dubhras (roll number 6319)
- Location:
- Doorus, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Mearacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhras
- XML Page 0055
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí triúr fear ag iascaireacht uair amháin . . .”
(continued from previous page)punt a baint de'n fear a cuir an slát iascrech ina shúil.
Chuaidh an beirt fhear go dtí an cuirt agus ní raibh fhios ag an dlighthedóir céard a dhéanfadh sé leo
Lá amháin bhí sgata sgoláire ag teacht abhaile ó'n sgoil agus suidh siad ar cloch. Bhí sgoláir an-mhaith i measc agus arsa ceann de'n na sgoláir "Cur i gcás gur'b é tosa an dlighthedoír ceárd a dhéanfhadh tú leo." "Chuireadh mé an tríur fear amach ins an mbád arías agus an fear a leigint amach ins an fairrge agus má beadh sé inán é féin a shábháil tabhair an dá céad puit" [!]
Bhí an dlighthedóir a bhí san cuirt ag teacht sios an mbóthar agus chuala sé an sgoláir seo ag cainnt agus dubhairt sé leis "Tar liom tosa ba ceart a beit ina dlighthedóir ní headh mise.
Cuaid an buacaill leis agus an lá ar na mharach cuaidh go dtí an cuirt agus dubhairt sé an rud a dubhairt leis na sgolaire. eile
Ní rachadh an fear amach san mbád arías agus ní fhuair sé an dha céad punt.
An cloch a bhí na sgolaíre ina shuidhe tugtar "Cloc na mBreiteamhaín" agus be Domnall Ó Connail an buacaill a bhí ann.