School: Cill Éinne (Killina) (roll number 12818)
- Location:
- Killinny East, Co. Galway
- Teacher: Máire C. Ní Ghríobhtha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Éinne (Killina)
- XML Page 0151
- XML “An Barra Fata”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Barra Fata
Déantar fataí a fhás ar ár bhfeilm gach bliadhain bíonn leath-acra faoi fataí againn, ach uaireanta bíonn ceathramhadh níos mó nó níos ceathramhadh níos lugha againn fútha.
Déanann m’úncal an talamh a dhíanamh rúdh in a gcóir. Ní chuirtear aon leasú ar an gcré sul a n-iompuightear suas é. Cuirtear na fataí i ndriollaí. Is le chéacht adhmaid a déantar iad ó cheann ceann an ghairdín. Bíonn iomar créafóige annsin ar gach taobh, agus líne in-a lár mar a gcuirtear na prátaí gearrtha, nó na sgiolláin mar a dtugtar ortha.
Úsáidtear láidhe leis na guirt beaga a dhéanamh réidh i gcóir ar bharra. Ceannuightear na láidhe seo i siopa. Ní déantar san gceanntar iad, ach uaireannta déanann an feilmeóir an faic agus an bróigín, agus géibheann sé an cuid eile sa siopa. Thosuightear ar na fataí a cur, i lár an Earraigh. Géibheann in-a sgiolláin iad le sgin ghéir. Ní mór súil a bheith ins gach sgiolláin aca ionnus go sgéithfeadh gas asta nuair a gcuirtear sa gcré iad. Fágtar i gcúinne iad go ceann roinnt lá agus annsin cuirtear iad. Is gnáthach leis an bhfeilmeóir meitheal a bhailiú leis na fataí a cur.
Cuireann na inná práisgíní ortha féin, agus líonann siad le sgiolláin iad. Fágann siad sgiolláin umchiall duch n-órlaí ó na chéile ionnus go mbíonn an spás a ndóiain aca cun sgéicheach amach, agus a fhás suas. Tagann na fir annsin le sluasaid, agus clúdaigheann siad na sgiolláin le chréafóig.(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Rálf
- Gender
- Female
- Address
- Cahercon, Co. Galway