School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)
- Location:
- Castledaly, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Croithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is baile beag Gránna atá leath bhealaig idir Ardrachán agus Caisleán Uí Dhálaigh. Níl aoinne cinnte cén fáth ar tugadh Gránna ar an m-baile seo. Síleann siad gurab é an fáth mar bhí fathach ina chómnuidhe san áit fadó. Ta dhá chnoc i n-Gránna agus tugtar "Túagh Mór" ar an gceann atá i dtalamh muintir Fathaigh anois. Tá ceann eile i dtalamh muintir Dúbhlaigh agus tugtar " Túagh Beag" air. Tá ceanna aca ar taobh do láimhe dheise agus an ceann eile ar an dtaobh eile den bhóthar. Tá sé ráidhte gurab é an fathach a thóg an dá chnoc sin.Tugadh Gránna ar an mbaile roimh aimsir na Lochlánnach in Éirinn. Tá cnoc mór taobh shiar agus tá go leor cloch thart ann agus deirtear gur b'é sin an teach a bhí ag an bhfathach. Tá áit ar an gcloich agus tá scríobhta ar an gcloich "Giants Grave".Faoi bhun an chnuic atá i dtalamh muintir Fathaigh tháinig poll(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Mhaoláin
- Gender
- Female