School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal faoin Maighdean Mhuire agus gabhaBhí Mac Dé agus an Maighdean Mhuire agus Naomh Seosamh ag siúbhal thart fadó agus bhí brat ar an Maighdean Mhuire agus d'imthigh an biorán a bhí ann as. Bhíodar ag siúbhal leó gur chas fear dóibh agus dubhairt an Maighdean Mhuire leis dealg a chuartú dhí le cur ins an mbrat. Dubhairt sé léi go raibh sé ró-chruadhógach le dealg a fhághail di. Bhíodar ag siubhal leó ansin gur chas fear éile dhóibh agus dubhairt sí leis dealg a fhághail di agus dubhairt sé sin freisin go raibh sé ró-cruadhógach le dealg a fhághail dhi.
Ní raibh a bhfad eile siúbhalta aca gur chas gabha leó agus dubhairt an gabha léi go ndéanfadh sé biorán di nuair a chonnaic sé a brat fosgailte. Dubhairt sí leis go(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Address
- An Cnoc, Co. Galway
- Informant
- Marcus Ó Tuathail
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Cnoc, Co. Galway