School: Gleann Mhic Mhuirinn (roll number 14788)
- Location:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. Galway
- Teacher: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
![The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0276](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0062%2FCBES_0062_0276.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0276
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An cosamteóir bríoghmhar a chabhróch go hiongantach'S a neartóch' a ndílseacht - do thréig siad, mo bhrón !
(IV)Bhí fíor-shliocht na Féinne le bliadhantaibh i ngéibheannI sglábhuidheacht 's i ngéár-bhruid, gan aoibhneas ná sógh,Faoi mhasladh gach tréimhse ag Seóinínibh an bhéarlaBhí creachadh na Gaedhilge mhín aoibhne go deó.Ó d'éirigh chomh héif'teach ar fud Inis ÉilgeTomtracha an bhéarla le fuinneadh 'gus cóirDo sguabadh na céadhta le fánaidh go léanmhar'S sluigeadh go héag iad sa sruth millteach mór.
(V)Bhí Éire go fann lag, 's í fágtha go cráidte'S a teanga mhín ársa faoi tharcuisne mhór !Ní cleachtaoidhe a beasaí, 's a nósa ní déantaoidhe'Gus a stáir ní bhíodh léighte céád fairíor go deó !Acht las Dia na spéartha 'gus cruinnigheadh na céadtaDo músgluidheadh na Gaedheala le cúmhachta rígh-mhóir,'Gus Connradh na Gaedhilge do chuir sí fréamhaGo daingean doimhin éif'teach 'na gcroidhthibh, mo bhród !
(VI)Sí Connradh na Gaedhilge a dhúisigh go léir iad,Is a thairnígheas le chéile iad le aoibhneas 's bród;Sí d'athruigh na daone le goirid go cinnte,'S a bhródhuigh le brígh iad nach gcoisfear go deó !An Glincín 's an Seóinín do ruaig sí thar theórainnDo náirigh go mór iad 's bhasg iad ní baoghal;(continues on next page)- Informant
- Míchéal Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway