School: Maighros
- Location:
- Maíros, Co. Galway
- Teacher: Séamus de Brún
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 3. Do réir sgéil is iomdha áit a bhfuil ór i bhfolach. Is minic a chuala mé go bhfuil ór i bhfolach i gcnoc Bhé Chatha. Tá Bé Chatha suidhte ar an taobh thoir theas de Chárna. Tá aill mhór ar thaobh an chnuic agus ta crann mór árd ag fás ar chúl na h-aille sin. Bhí sé raidhte ariamh agus tá se ráidhte fós go bhfuil pota óir i bhfolach faoi bhun na h-aille sin.
Seo é an sgéal a bhaineas leis:
Bhí seanbhean agus a fear ina gcomhnuidhe sa bparáiste seo fadó agus bhí aon mac amháin acu. Beirt an ghortach a bhí ionnta agus is minic a deireadh na comharsana nach dtiubhraidís pighinn do Naomh Peadar. Ar aon chor cailleadh an t-athair nuair a bhí an amac trí bliadhna déag. Thug an t-seanbhean aire mhaith do'n mhac agus thug sí aire mhaith freisin nach mbeadh fhios aige cá raibh an t-ór aici.
D'fhas an mac suas ina fhear bhreagh shlachtar agus nuair a bhí sé in ám pósta aige shocruigh an mháthir go bpósfhadh sé bean áithrid ar an mbaile mar gheall(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway
- Informant
- Seán Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Leitreach Ard, Co. Galway