School: Naomh Rónán
- Location:
- Cill Rónáin, Co. Galway
- Teacher: Páraic Ó hAichir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Rónán
- XML Page 093
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Bhí seanbhean agus seanfhear i nGaillimh fado agus bhíodh an seanfhear ag iasgaireacht chuile lá agus nuair a bhíodh na báid eile lochtaí ní bhíodh tada aigesean acht luchain bheaga. Lá amháin nuair a bhí sé ag iasgach tháinig Maighdean Mara suas le taobh an bháid. A Pháidín adeir sí níl tú ag fághailt aon iasc.” “Nílim go deimhin” arsa Páidín. “Bheul, má gheallfainn tú go dtiubhradh tú an chéad mhac a bhéas agaibh dhomsa beidh leat. Thug sé an geallmhaint sin dí agus ón lá sin amach bhíodh Páidín ag fághailt neart éisc. Tamall in a dhiaidh sin rugadh mac dó agus níor cuireadh bróg ná stoca air ariamh agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag thosaigh na gasuir timcheall ag magadh faoi. Lá amháin tháinig sé isteach ag a athair adeir sé an fíor go bhfuil mise geallta don mhaighdean Mara. Is fíor sin a(continues on next page)- Collector
- Máirín Níc Éil
- Gender
- Female
- Address
- Cill Rónáin, Co. Galway
- Informant
- Maighréad Ní Mhaoláin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Cill Rónáin, Co. Galway