School: Doire Mór Iata (roll number 16599)
- Location:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Teacher: Hannraoi Ó Coinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is é an leighis atá le h-aghaidh tinneas cinn
Eadach a cheangailt go cruaidh ar do chloighean.
Is é an leighis atá le h-aghaidh suilibh tinne.
Tae Dubh.
Is é an leighis atá le h-aghaidh Teineadh Dhia.
Fainne Óir no Uisghe torain.
Is é an leighis atá le h-aghaidh crios galdha
Trí sgreadh go ghanndáil a leighainth isteach in do bhéil.
Is é an leighis atá le h-aghaidh tallach
Ribín síoda a ceangailt go cruaidh ar do láimh.
Is é an leighis atá le h-aghaidh Ruaidair
dearglach a bhíodh ag fás sa bporach.
Is é an sort leighis a bhíodh acu ar chois tinn
Téighis go dtí tobhair beannaighthe í bfadh ó bhaile agus thugaidis turas ar son an duine sin.
Bhí fear ann uair amháin agus bhí a driothair go dona le chois tinn agus theigeach sé seo go dtí tobhair beannaighthe i bfadh ó bhaile gach c'uile mí ag tabhairt turas ar son an dríotair abhí go dona mar chuala sé go raibh leighis in aghaidh an galar sin. An ceadh lá a chuaidh sé ann chonnaich sé silimidhe beagh bhan ar thóin an tobhair agus chuir sé an faitchíos air tháínig sé abhaile agus dinnis sé an sgéal dá athair agus dá máthair tháinig uarbasach ortha agus dubhadar go raibh droch sheans ag an dríothair(continues on next page)- Informant
- Seán Seoige Thómáis
- Gender
- Male
- Address
- Doire Bhéal an Mháma, Co. Galway