School: Doire Mór Iata (roll number 16599)
- Location:
- Doire Bhó Riada, Co. Galway
- Teacher: Hannraoi Ó Coinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Mór Iata
- XML Page 138
- XML “An Chuinneog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)glanann síad an cuineóg go maith agus an bainne a bhíonns cruinnighthe acú cuireann síad ins an cuineóg é agus bíonn síad dhá déanamh nó go mbíonn sé deantá acú sé an caoi a bhfuilis acú go bhfuil an cuineóg déanta acú tagann sórt cumar aníos ar an cuineóg agus bíonn sort im tríd. Cuirtear uisge fuar air annsin fagann bean an tighe báisín adhmaid agus cuireann sí fíor uisge tríd agus meascann sí an t’im ins an mbáisín é lé salann. Fagann cuid de na daoinibh cupán uisge té agus fágann sí scian agus cuireann sí ins an gcupán é agus cuireann síad an scian ins an im águs má bíonn aon ribe ins an im bainfidh sí as é. Nuair a tosuigeann na daoine ag deanamh maistreadh cuireann muintir an tighe splannch faoi an gcuineóg mar abrann na sean daoine go dtiubhradh na sideóga leobh an bainne agus an t-im. Dá mbead bean an tighe ag deanamh maistreadh ba ceart don duine a tiocad isteach cuid de a deanadh mar abrann na daoine dá dtéighead an duine sin amach gan an maistreadh a deanamh go dtiubrad sé an t-im leis. Sé an t-ainm a tugtar ar an bainne bláthach agus cuirtear tríd an t-arán agus cuid d’en na mucaí. Tá go leor sgéalta ag faoí maistreadh. Bhí bean ann fadó agus bhí sí ag deanamh maistreadh agus tháinigh sagart isteach cuicí agus d’iarr sé splanc uirthi agus dubhairt sí leis nar ceart splanc a leigint amach agus dubairt sé léití(continues on next page)
- Informant
- Padraic Seoige Seáin
- Gender
- Male
- Address
- Fionasclainn, Co. Galway