School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
![The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 026](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0008%2FCBES_0008_026.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 026
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)am agus bhí mé imithe nuair a thainic siad go dtí an fear caillte agus nach raibh mise chomh gar don bhás leis an bhfear atá le dul sa teine sin agus gan idir mé agus an bás ach an fear a bhí básaithe cheana. Bhí adeir an rí. Tá fear ón mbás agat an bhfaca tú ariamh atá chomh gar don bhás leis an bhfear eile atá le dul san teine sin. Chonnaiceas adeir an gadaí dubh. Cé hé féin adeir an rí. Mé féin adeir an gadaí. Nuair a bhí mise ag imtheacht tríd an tír fadó casadh isteach i gcoill mé agus bhí beirt bhan ina gcodladh agus dhá mhála. Ghoid mé an t-airgead agus d'imthigh mé liom agus is gearr gur airigh mé iad i mo dhiaidh agus ní raibh le déanamh agam ach a dhul suas i gcrann uaithe. Nuair a tháinig siad ag an gcrann rinne duine aca gab..... di féin agus an duine eile iarann agus thosuigh siad ag gearradh an an crainn nó go dtuiteann anuas chuca. Bhí an crann gearrtha aige go dtí aon bhuile amhain agus bhí an buile sin féin tarraingthe nuair a ghlaoidh an fior coileach Mártan agus rinneadh dhá chloch glasa ar an talamh díobh.
agus nach raibh mise chomh gar don bhás leis an bhfear atá le dul sa teine sin. Bhí adeir an rí tá fear eile ón mbás agat.(continues on next page)- Collector
- Colm Ó Máille
- Gender
- Male
- Informant
- Liam Ó Máille
- Gender
- Male