School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó bhun go barr di ach ní raibh sásamh ina cinn ach ag casaoid. D'éirigh luach na bó agus chuaigh sé amach agus isteach leis agus bulán dubh aige leis an dearbhráthair saidhbhir agus mharbhuigh sé é. Chuir siad feoil síos agus nuair a bhí sí réidh aca d'ith siad í.
An chéad lá eile chuaigh sé amach agus caora a thug sé isteach an lá seo agus gach lá go ceann seachtaine thugadh sé isteach caora nó bulán.
Lá amháin dubhairt an dearbhráthair saidhbhir nach raibh bulán ná caora dhá fhágáil aige féin ó thainig an fear eile sa teach seo thiar. Dubhairt an tseanbhean go raibh seift aici féin, í féin a chur síos i gcófra agus a rá go raibh daoine le teacht agus gach a raibh sa teach a thógail agus gur chuir sibh an tairgeadh isteach sa gcófra agus an cófra a thógáil go ceann sgathamh.
Chuaigh an dearbhráthair saidhbhir go dtí an dearbhráthair bocht agus fuair cead uaidh an cófra a thabhairt isteach. Chuaigh sé abhaile annsin agus chuir sé an tseanbhean isteach sa gcófra agus neart feola agus rudaí le n-ithe síos ann, nós go mbeadh fhios aici gur bé luach na bó a bhí ag déanamh na gaideachta.
Nuair a bhí an tseanbhean i dteach an dearbhráthair bocht chuaidh luach na bó amach agus thug sé isteach bulán agus chuir siad síos lán pota di agus nuair a bhí sé bruite leag sí lán pláta ag na páistí agus nuair a bhíodar dá ithe chonaic duine aca an tseanbhean ag breathnú amach trí pholl na n-eochair. Dubhairt sé Súilín sa gcófra(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Pádhraic Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway