School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dúbhshlán a bhfuil in Éirinn a dul ar a cruit. Eascain.
Cé mhéad roball coinín a shroicheas an t-aer?
Aon cheann amháin dá mbeadh sé fada.
Fliuch fliuch shíos é, giobach giobach shuas é agus fionnadh ar a bhun. Giolcach.
Bíonn sí thoir, bíonn sí thiar, bíonn sí i ngarraidheannta Bhaile Átha Cliath is mó a greim ná greim capaill agus ní bhlasann sí an bídh. Speal.
Capaillín bobáilte donn siubhalfadh sí an domhan agus ní fhliuchadh sí a cois. Beach.
Céard is doimhne ná Ifreann?
Mearacán táilliúra.
Teach mór mór é, coinnleoir óir é, tomhais go tapaidh nó sgaoil thart é.
Flaitheas.
Trí muca fiadh ag dul droichead an bhiadh. Gad ar do ghiall mar dtomhaise tú sin.
Trí bhád.
Siúd faoin stól é, siúd faoin gcófra é, siúd amach an diras é is cá bhfuil an fear a bhéarfadh air.
Gaoth.
Chugam chugam tríd an sáile fear álainn na gréine an cóta dearg agus snátha dearg tríd a léine.
Gliomach.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Bhriain
- Gender
- Male
- Address
- Loch Conaortha, Co. Galway