Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Artha a chuir Muire dá Mac ar tinneas cinn, ar thinneas cuinn, ar thinneas cos agus lámh, agus ar fiabhruis bheaga.
Triúr a chuir sí 'ghá tógáil, an t-Athair, an Mac agus an Spiorad Naomh, 'ghá sheóladh 'san áit nach siúbhalfaidh duine ná beithidheach.
Artha an t-innis cinn
Artha a chuir Muire dá Mac ar th-inneas cinn.
Ó bharr do shróine go mullach do chinn as sin go bois do dhá shlinneáin go n-imthighidh an phian.
Triúr a chuir sí 'ghá thógáil, an t-Athair an Mac agus an Spiorad Naomh 'ghá seoladh 'san áit nach siúbhalfaidh duine na beithidheach.
Artha na n-Arthaineacha
Go mbeannuighidh Dia dhíbh a thriúr bráithre.
Go mbeannuighidh Dia agus Muire dhíbh.
Ca'il sibh ag dul indiú.
Ag dul go sliabh na n-olachaí, ag baint ola as crainnte.
Tugaidh libh beala na h-ollan, olann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. Galway