School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Éamon a Luich agus an giarfhaidh Sidhe.Ar an "lios" i bparóiste na Mainistreach a bhí Éamon a Luich ina chómnuidhe. Agus ins an am sin bhíodh giarfhaidh a fheicéal ar an mbaile agus ní raibh cú ar bith in ann breith air. Ach lá amháin d'imthigh na coin in a dhiaidh agus bhí cú dhubh ann a bhí ag teacht súas leis. D'aimsigh an chú dhubh é ar deireadh agus bhain sí greim as a cheathrú. Thárla d'Éamon an Luich a bheith a gabháil an bhealaigh ar an bpoinnte sin agus é ag marcuigheacht ar chapall. Léim an giarfaidh ar an gcapall chuige ag íarraidh é fhéin a shábháil ar na cointí. Chúmhdaigh Éamon aí Luich é agus leig sé uaidh arís é núair a bhí na coin imthighthe.
Sgathamh ina dhiaidh sin goideadh capall ó Éamon. D'imthigh sé ar chúairidhe a chapaill go dtáinic sé go Cúige Uladh. Tháinig sé isteach i dteach annsin san oidhche ar íarraidh lóistín. Ní raibh sa teach ach sean bhean agus chuir sí fáilte roimhe ina ainm agus ina sloinneadh. Dúbhairt sí leis gurab í fhéin an giarfhaidh a shábháil sé ó na coin agus theasbáin sí dhó an mharc a d'fhág an chú dhubh uirtí, núair a bhain sí an greim(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Fiadhaigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Feagh West, Co. Galway