Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)

Suíomh:
Crumlin, Co. Galway
Múinteoir:
Cáit Ní Óbáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 309

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (C)
  2. XML Leathanach 309
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal.
    Bhí fear darbh ainm Charlie Blackhall ag teacht anuas ó Bhaile Átha Riogh oidhche amháin agus é ar meisge. Tháinig cárr cliatháin suas leis agus bhí beirt fhear ann agus d'iarr siad air dul ar marcuigheacht.
    Chuaidh sé suas ar marcuigheacht air. Bhí an cárr cliatháin ag imtheacht leis go dtáinig sé go dtí an muileann gaoithe atá i gCeathramhadh an Riabach. Bhí na sluaighte sidheóga bailighthe ann agus margadh ar siubhal acu ann. Bhí gach saghas earraidhe dá ndíol agus gá gceannacht acu. Bhí an margadh ar siubhal go breacadh an lae.
    Annsin d'imthigh siad agus thug siad Charlie leo síos go Cnoc Meadha (in aice Tuaim) áit comhnuidhthe na sidheóg. In aice leis an muileann gaoithe tá cloch mhór. Tá sí in a dhá leith agus tá suas le fiche tonna meadhchaint ann. Deirtear go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrowreagh East, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Floinn
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Carrowreagh East, Co. Galway