Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Crumlin, Co. Galway
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 311
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ScéalChuaidh fear amach ag marcuigheacht lá ar a chapall. Bhí dhá mhada in éinfeacht leis. Dhuisigheadar girrfiadh agus lean na madaí é acht sa deireadh bhí an girrfiadh ag eirigh tuirseach agus céard a rinne sé acht léim sé ar an gcapall taobh thiar de'n fhear
Níor mharbhuigh an fear é acht sgaoil sé saor é. I gcionn seachtmhaine in a dhiaidh sin gaoideadh capall an fhir. Ní raibh tásg na tuairisg le fághail ar an gcapall. Bhí sé tuirseach ag siubhlóid acht ní raibh aon mhaith ann. Chuaidh sé go Cnoc Meadha (in aice Tuaim) agus bhuail sé isteach i mbothán beag ar thaobh an tsléibhe. Ní raibh istigh roimhe acht sean bhean chríonna chaithte. Chuir sise míle fáilte roimhe. D'innis sé di céard air a raibh sé ar a lorg. "An cuimhin leat" ar sise "an lá a ndeachaidh tú amach ag fiadhach"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrowreagh East, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Fhloinn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Carrowreagh East, Co. Galway