School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)
- Location:
- Shanballard, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean Bhaile Árd
- XML Page 226
- XML “Cluiche”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo iad na cluiche a n-imrightear timcheall na h-áite seo:-
(A) Cluiche a n-imrightear 'sna tighthe:-
Puicín; seo é an chaoi a n-imrighthear an cluiche seo. Nuair a bhíos sgata páistí bailighthe le chéile toghann siad duine agus cuirtear píosa éadaigh thar súla an duine agus ceangltar go teann tocht é ar cúl a chinn. Ní bhíonn aon amharc ag an duine sin annsin mar bíonn sé caoch leis an píosa éadaigh. Gníonn sé iarracht breith ar duine de na páistí eile. Má éirigheann leis é sin a dhéanamh cuirtear an píosa éadaigh ar an duine a beirtear air. Is deacair a breith ar na paistí eile go minic mar bíonn siad ag dul i bhfolach ach s'an am céadna bíonn an-spóirt ag na páistí ag an cluiche seo.Chip chop cherry; seo é an chaoi a n-imrightear aan cluiche seo. Gheibhtear píosa páipéar glan agus déantar ciorcal air. Annsin roinntear an ciorcal in ocht gcodanna agus sgríobhtar síos uimhir ar bith i ngach cuid. Annsin tosnuightear ar uimhir amháin agus abratar na fochla "chip chop cherry ní fhéadfhad an méid daoine atá i doire dul thar ballaí chip chop cherry." Sgriobhtar síos an uimhir ar a thuiteanns an focal deire agus déantar é sin le gach uimhir atá san ciorcal go mbíonn gach uimhir sgribhtha síos. Is féidir le beirt an cluiche seo a imirt agus sgríobhann síos duine amháin an chéad uimhir agus an duine eile an céad uimhir eile agus mar sin. Bíonn an buaidh ag an duine a bhfuil an uimhir is mó aca.Lúrabóg larabóg; seo é an chaoi a n-imrightear an cluiche seo. Nuair a bhíos sgata páistí in a suidhe cois teine is minic a n-imrigheann an t-athair é. Tógann sé slát nó rud eile mar sin agus tugann sé buile beag amháin(continues on next page)