School: Kilmore (roll number 13010)
- Location:
- Kilmore, Co. Leitrim
- Teacher: Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilmore
- XML Page 312
- XML “A Ciseán”
- XML “Crosóg Bhríde”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)narrowing each time. Narrow until 3 straws remain. With these 3 straws make a rope to hang it by.
- Nuair a bhí Naomh Bríghid ar an saoghal seo tharla go raibh sí amuigh ag suibhal lá amháin agus ag dul thar teach dí chuala sí mar bheadh duine ag cneadghail le péin agus le anshógh. Bhuail sí isteach agus ceárd a fuair sí istigh roimpi acht fear bocht 'na aonar agus é ag fághail bháis. Chuir Naomh Bríghid cúpla ceist air féachaint arbh Chríostaidhe é agus fuair sí amach nárbh eadh acht gur págánach a bhí ann. Thosuigh sí annsin agus d'innis dí dhó faoi Dia agus an chaoi a dtaínig ár dTighearna ar an talamh seo; go bhfuair Sé bás tárnálta ar chrois tré grádh dho-san. Agus le cur i n-uíl dó cé'n sórt rud 'crois rith sí amach agus bhain sí roinnt luachra nó brobh a bhí a' fás in-aice an tighe, agus rinne sí crois as go tapaidh.Do réir an sgéil fuair an fear tinn grásta an Chreidimh, bhaist Bríghid é agus d'fhan sí leis a 'guidhe ar a shon nó go bhfuair sé bás i gceann cúpla uair an chluig. Do leath an sgéal sin ar fud na tíre agus tár éis bháis Bhríghde thosuigh na daone ag déanamh crosóg dé'n tsórt céadna 'na h-onóir. Thaínig an gnás anuas ó ghlúin go ghlúin dár sinnsear riamh ó shoin go dtí an lá atá indiu ann agus ba cheart dúinne leanacht de agus gan leigint dó bás d'fhághail.
- Collector
- Brigid Mc Loughlin
- Gender
- Female
- Address
- Killadiskert, Co. Leitrim