School: Kilmore (roll number 13010)
- Location:
- Kilmore, Co. Leitrim
- Teacher: Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nach maith a raghadh sé dhóibh. Bíonn an seana-ghandal ag fáire faid a bhíonn an biadh ar siubhal agus ní bhaoghal go dtiocfaidh an namhaid i ngan fhios air mar is aireach an fear faire é.Éin aonarcha iseadh na creabhair agus na naoicaigh a ghnáthuigheann na riasca is na háiteanna fluicha mar a gcaitheann siad a saoghal ag súmáil ins an uisce éadoimhin. Tá cosa fada fútha a chimeádann a gclúmh as an uisce agus guib fada a théigheann go talamh ann. Is maith is eol do'n éanadóir conas a lúbann is a chasann siad nuair éirigeann siad san aer agus a fheabhais is féidir leó an urchar do sheachaint.
Éanlaith a thagann chugainn sa SamhradhTagann na fáinleoga i ndéire an Aibhreáin i ndiadh a chéile i n-a gceann is i n-a gceann ar dtús, in-a bpéire is i n-a bpéire annsin agus daoi dheiread i n-a sgataíbh beaga cómhradé go bhfuil an Samhradh chugainn nuair a thagann siad. Imthigheann siad san Deire Fóghmhair. Ó thús lae bhíonn na céádta fainleóg bailighthe le chéile ar mhullac an tighe. Imthigheann siad mar a thagann siad agus tugann siad a n-aghaidh ar na tíortha teo.Tagann an chuach ar an am céadna. Ó'n Afraic a thagann sí. Is mór an fháilte a bhíonn roimh an gcuaich agus is mór an t-áthas a chuireann "Cú Cú, Cu Cú" ar óg agus ar aosta. Is é an coileach a thagann ar dtúis, agus bíonn sé ann seachtmhain nó mar sin roimh an gcirc. (Bíonn(continues on next page)- Collector
- Brigid Mc Loughlin
- Gender
- Female
- Address
- Killadiskert, Co. Leitrim