School: Árd Aoibhinn
- Location:
- Ardeevin, Co. Galway
- Teacher: Máire Úna Ní Chonfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Aoibhinn
- XML Page 195
- XML “Lios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí dream daoine ins an úr seo ar a tugtar na Tuatha Dé Danann. Do bhrisead cath uirthi agus chuaid aca as Éirinn agus d'fhan cuid eile annseo. Bhí comacht áibéal aca agus chuaidh chuid aca síos tríd an talamh agus chuaidh cuid eile aca isteach i raitheanna agus d'fan siad annsin. Sin iad na daoine ar a tugtar sídheóga. Bhí fear ag dul thar lios go deidheannach oidche amháin. Tar éis tamaill chuala sé torann. Sheas sé ar an mbóthar agus céard a chonnaic sé ach a lán sídheóg istigh sa lios agus iad ag damhsa agus ag gabhháil amhráin. D'éist sé go gceann tamaill agus nuair chonnaic na sídheóga é do rith cúpla ceann aca amach agus do rug siad greim ar an bhfear. Thug siad é isteach ins an leas agus do chuir siad cruith air. Nuair chuaidh sé abháile d'innis sé an sgéal do na daoine. Ní d'eaca sé thar an lios sin a riamh tar éis sin mar bhí eagla air roimh na sídheóga.
- Informant
- Cáit Ní Thiomaltaigh
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Stonetown, Co. Galway