School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 163
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cím é ní fheiceann tusa é agus is giorra duit é ná domsa. Freagra cúl do cinn.
Pinghín, pinghín, dhá phinghin, pingin go leith agus leith phinghin. Freagra ceithre pinghne go leith.
Dhá shé pinghne dhá naoí bpinghne púnt agus sgilling cé mhéid sin' ar bó. Freagra ceithre sinne ar bó.- Collector
- Áine Ní Chraith
- Gender
- Female
- Address
- Cregmore, Co. Galway
- Informant
- Padhraigh Ó Comáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway
- Sheas mé agus thóg mé é.
Shuidhe mé síos agus thóirigh mé é.
Dá bhfághainn é, ní thiubhrainn liom é, agus nuair nár fuaireas thugas. Freagra. dealg.
Tá a croidhe in a cheann agus seasann sé ar cos amháin. Freagra Ceann cabáiste.
Chuaidh mé suas an bhóthar.
Tháinic mé anuas an bhóthar, agus thóg mé an bhóthar ar mo dhruim. Freagra. Dréimre