School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 212
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Rith sé amach chuig Máire ar an bpoinnte agus dubhairt sé leithí. Anois nár rabhas agam'sa go maith go raibh tú istigh ann. Dubhairt Máire nár raibh ach dubhairt seisean go raibh. Ní dhubhairt an bhean níos mó agus tháinig a dearbhsiuir Nóra isteach agus chuadar suas an staidhre. Thosuigh Nóra ag déanamh braitlín. Bhí beirt dearbhráthair leo ins na saighdiúir agus fuair na dearbhriúirí llitir uaithe a rádh go rabhadar ag teacht ar cuairt cucha. Is gearr gur glaoidh a fear ar Máire agus bhí sé ag gearú a claidheamh. Dubhairt sé leithí go raibh sé le í a marbhúghadh. "Ar son Dé " adeir sí agus leig cead dom cúpla paidir a rádh. Chuaidh Máire go dtí a dhearbhsiuir Nóra aríst agus dubhairt sí leithí go raibh a fhear le i a marbhúghadh. Dféach Nóra amach tríd an fhuinneóg ag féachaint a raibh an mbeirt dearbhráthair ag teacht. Dórduigh a fear de Mháire a teacht anuas chuige. Ach dubhairt sí leis é fhágail píosa eile. Bhí an oiread faithchíos uirrthí is nuair a corruigh an fear a chosa gur rith sí chuige ar an bpoinnte. Bhí an claidheamh in a láim aige agus Máire in aice leis nuair bualadh an doras agus cé bhí ann ac(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Coileáin
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Coileáin
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway