School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 237
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus tiubhraidh tusa míle púnt dom-sa muna ngoidfidh arsa Pól. Bhíodh sé in a mhargad arsa Seán. An oidhche sin bhí Pól in a leabaidh agus an braoiliín faoí agus dhá phiostal faoi'n gcluasán. Bhí bord beag ag an leabhaidh agus lampa mór lasta air. Chuaidh Seán go dtí an roilig agus d'fhosgail sé uaigh agus thóg sé corp fir as an gcómhrainn. Cuir sé a culaith féin ar an gcorp agus thug go fuinneóig seómra Phóil é. Cuir sé ceann an corp suas leis an bhfuinneóig agus tarraing sé anuas arís é. "Há" arsa Pól Tá tú annsin a rógaire". Rinne Seán an cleas céadna arís agus arís eile. Faoi dheireadh sgaoil Pól piléar faoí Seán. Chaith Seán an corp ar an talamh, agus chuaidh sé i bfolach ins an gcúinne. Tháinig Pól amach "Bhfuil tú marbh" ar seisin. Ní fuair sé aon fhreagra. "Bfuil tú marbh nó an gcloiseann tú mé, ar seisin arís. Act ní fhuair sé aon fhreagra. Leag sé a lámh air agus glaoidh amach "Ó a tighearna tá sé fuar marbh. Act cuirfidh mé ins an ngairdín é nó crochfaidh a muinntir mé. Bhí Seán ag éisteacht agus fuar Pól laidhe agus thug sé an corp síos go dtí an gáirdín. Rómhair sé poll mór agus cuir sé an corp ann. Annsin tháinig sé isteach agus cé cifeadh sé ar an mbord agus an braitlín faoí na asgaill aige agus é ag caitheamh a phíopa acht Seán. "Ó" arsa Pól "imthig leat. Tá tusa marbh. Níl mé marbh acht tá mé comh beó leath féin. Marbhuigh(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Seóighe
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Carheenlea, Co. Galway