School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 275
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)céad púnt nó marbhochaidh mé thú" ars an giolla. Bhí faitchíos ag teacht ar an ngiolla, acht mar sin féin níor chaill sé a misneach. Bhí faitchíos ag teach ar an maighistir ó thárla go raibh an tuagh ina lámh ag an ngiolla. "Ó! cur uait an tuagh sin agus tabharfaidh dhuit é" adeir a maighistir "níor mhait liom bás a fhághail fós," agus e ag ligint air féin nach raibh faithchíos air. "Déan deifir anois" adeir an ghiolla. B'éigin do'n maighistir an céad punt a tabairt dó agus d'imtigh an giolla leis. Ní fhaca sé an giolla in a dhiaidh sin. As sin amach bíodh sé go cneasta le gac giolla a bhíodh aige.
- Bhí bean ann fad ó agus bhí sí sanntach acht ba maith leí ainm na féile beit uirri. Lá amháin tháinig fear béag o'n sliabh fear side do beadh é agus buail sé ar an doras. Chuaidh an cailín aimsire Máire go dtí an doras agus d'fiaruigh sí de cad a bhí uaidh ó béidh bainfeis againn anocht san dún ars sé agus níl ár sáit corcán againn. Ar feidir leat ceann a(continues on next page)