School: Leacaigh (Leacach)
- Location:
- Lackagh Beg, Co. Galway
- Teacher: Seosamh Ó hÁinlíghe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leacaigh (Leacach)
- XML Page 364
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó núair a bheadh bean ag déanamh maistreadh cuirfeadh sí splannc teineadh agus gránna salann faoí an gcuinneóig sa gcaoí nach bhfuighead na sígheóga an tim.
Núair a tagann duine isteach i dteach agus bean an tíghe ag déanamh maistreadh is maith léithí an duine sin cúpla casadh a bhaint as an gcruinneóig ar eagla go sgúabfadh sí an tim.
Ní ceart an bláthach a thabhairt anúas as an gcuinneóig go dtugtar an tim súas i dtosach.
Cuireann cuid de na daoine braon uisge san bainne sul a tugann síad do aoinne é.
Ceanglann daoine ribín dearg ó rioball na bó tar éis laogh a bheith aice sa gcaoí nach rachfadh sí ins an sígheógaib.
Ní thugann na daoine aon bainne ná splannc amach Lá Bealtaine.
Dá dtiocfadh an coileach chuig an doras ag glaodhach bheadh trioblóid(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Oisín
- Gender
- Female
- Address
- Cahernahoon, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Bean Ní Mhurcadha
- Gender
- Female
- Age
- 35