School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 017
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cáit na laogh. D'ól siad é agus nuair a bhí sé ólta aca d'imthigh Pádhraig le dhul ar faoisdean. Chuaidh sé isteach go dtí an sagart. Cá bhfuil tú ag dul a Phádhraig, ag dul ar faoisdean a athair, bain dhiot do hata a Phádhraig, hata an bháid é a athair. Ó caith dhíot é a Phádhraig, hata an bháid é a athair. Chaith sé an hata dó as a deire, Cáide ó bhí tú ar faoisdean cheana? Nuair a rugadh mo mhac. Cé'n aois do mhac? Chómh-aois le mac an bhouiléid é. Cé'n aois mac an bhouiléid. Seo é an tríomhadh séasúr san mbád aige. Dona go leór adeir an sagart, acht béidir dá dtugthá mac an bhouiléid i láthair go mbheadh muid in-dhan a aois a dhéanamh amach. Ó deamhan goir air a athair, tá sé bailigh ó dheas de na h-Árainneachaí. Céard a rinne tú ó bhí tú ag faoisdean go deireannach? a Phádhraig. Ghoid mé láimh sgadán as eangach, béidir gur ghoid tú dhá láimh, fágamuid in-a dhá láimh é, béidir gur ghoid tú ceathramhadh, fágamuid in-a cheathramhadh é, béidir gur ghoid tú céad aiste a Phádhraig, fágamuid in-a chéad é a Athair. Fágadh cheana adeir an sagart. Gabhfadh tú ag cumaoineach i mbháireach adeir an sagart. Tuige nach bhféadfadh mé a dhul ag Cumaoineach anois. Ní fhéadfá, tá fuisge ólta agat agus rud ithte agat. Nuair a tháinic sé abhaile thosuigh na sean-iasgairí eile ag fiafruigh dhó. Ó a bhuachaillí níl aon ghra agaibh, bréag a innsint dhó(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Curraidhin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway