School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 019
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    eisean do bheith dhá leanamhuint agus ceangail siad é le téadaibh agus le cordaibh láidir do chrann mór darach agus d'imthigheadar leó. Acht ní raibh siad leath-uaire imthig nuair a tarraing Murchadha an crann mór as na fréamhacaibh agus as go brác leis na ndiaidh. Rug sé orra mar bhíodar ag dul cois geata mhóir. Thug siad bualadh millteach dhó, agus ceangail siad le téadaibh é don gheata mhór iarainn é féin agus an crann agus d'imthigh siad ar a n-aghaidh. Acht ní raibh siad níos mó ná leath-uaire imthighe, nuair a tarraing Murchadha an geata as na postaibh, agus as go brác in-a ndiaidh. Nuair rug sé orra an t-am seo dubhairt siad go raibh sé chomh maith dóibh é do sgaoileadh agus searbhóghant do dhéanamh dhó. Rinne siad sin agus bhí sé na shearbhóghanta (do) acha. Bhíodar annsin ag imtheacht agus ag síor-imtheacht go dtáiniceadar i ngar do'n chaisleán a raibh rí na Spáinne. Annsin dubairt Domhnall, rachadh mé go mbéidh amharc agam ar inghean an rí agus fanadh sibhse annseo go dtagadh mise ar ais. D'imthigh sé leis agus nuair tháinig sé ingar don chaisleán chonnaic sé leomhan mór ar gach taobh de'n gheata. Tháinig faitchíos ar agus d'imthigh sé ar ais agus dubhairt sé le na dearbhraitheacha, ní fhaca mé aon bhean ariamh chomh grándha le inghean an ríogh. Béidh amharc agam uirrí arsa Brian. Chuaidh sé féin chomh fada, agus chuaidh Domhnall, acht nuair chonnaic sé an dá leomhan bhí faitchíos air, agus d'fill sé ar ais agus dubhairt sé. Is fíor dhuit a Dhomhnall ar sé, níl bean annsan domhan leath chomh grándha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway