School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 023
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - Tomás Mór Ó Síoda”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Murchadha. Shroic sé an domhan thoir agus ní dheacadh Murchadha amach ar chor ar bith. B'éigin do Fhionn an banríoghan a throid é fhéin, agus fuar sé láimh an uachtar uirthí. Tháinig sé abhaile annsin agus ní dheárna sé stad ná comhnuidhe nó go marbhuigh sé Murchadha.
- Sgéal
Tomás Mór Ó Síoda.Bhí fear in-a chomhnuidhe timcheall is céad go leith bliadhain ó shin i mbaile beag tuaithe taobh shoir de'n Spidéal, agus is é an t-ainm a bhí air an mbhaile ná Baile an Domhnallán. Ba fear é a bhí an chríonna. Ins an am seo bhíodh go leór daoine ag fághail cistí óir. Deir na daoine ins an am seo dá mbéidhfeá ag brionglóidí trí oidhche in-ndhiadh [!] a chéile ar rud ar leith, acht gan do bhrionglóid a innsint do dhuine ar bith go mbéadh an treas oidhche thart go mbeadh an rud sin fíor. Acht tú a bheith ag brionglóid ar aon rud amháin na trí oidhche sin. Is é an th-ainm a bhí ar an bfear ná Tomás Mór Ó Síoda. Bhí se pósta agus ní raibh aige do chlann acht aon mhac amháin, agus ní raibh an mac seo acht bliadhain d'aois an t-am seo. Bhí áit timcheall is leath míle suas ó theach Thomás Mhóir, agus is é an t-ainm atá ar an áit ná an t-Sean-Átha, áit a raibh Átha déanta istigh inntí, ins an sean saoghal, agus tá cuid de'n átha in-a sheasamh fós. Taobh ó thuadh de'n átha tá leac mhór mín sleamhain,(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Neachtain
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an tSagairt, Co. Galway