School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 026
- XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac gan Aon Deis Mhaireachtáil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé dhá ghine don fhear ar an gcapall. Agus bhí an bheirt aca lán tsásta in-a margadh fhéin. Ní raibh aon áit ag an mac le h-aghaidh na trí ghiní a chuir, agus sháith sé siar i gcluais an chapaill iad. Ní i bhfad a bhí sé ag imtheacht nuair a casadh fear leis agus thuit gine, aniar as gluais an chapaill. Chuaidh sé anuas de'n chapall ag tógál an ghine. Céard atá ort? arsa an fear uasal. Ó adeir sé, tuiteann gine aniar as cluais an chapaill seo go minic. Béarfaidh mé míle punt dhuit air adeir an fear uasal. Tá go maith a deir an fear óg. Fuair sé míle punt ar an gcapall, agus bhí sé lán tsásta. Nuair a chuaidh an fear uasal abhaile chuir sé an capall sa stábla, agus chuir sé fear ag faire an chapaill ar eagla go dtuitfadh aon ghine eile aniar as a cluais. Luigh an capall siar agus thuit an dá ghine eile aniar, acht níor thuit aniar acht an dá ghine. Nuair a dhúisigh an fear uasal ar maidin, agus fuair sé amach nar thuit amach acht an dá ghine bhí sé an-fheargach, agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé a chuid airgid a fhágháil ar ais arís. Nuair a chuaidh sé isteach i dteach na baintrighe. D'fiafruigh sé dhí cá raibh a mac tá sé imthighthe ag fiadhach. Acht dubhairt sí cuirfeadh mé teachtaire dhá iarraidh. Sgaoil sí coinín óg amach ó bhéal pota agus amach leis an doras dúnta. Ní bhfada bhí sé imthighthe amach nuair a tháinig an mac isteac agus coinín cosamhail leis aige.(continues on next page)
- Informant
- Tomás Ó Neachtain
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an tSagairt, Co. Galway