School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Sgéal.
An gaduidhe dubh ó DúbháinAon uair amháin bhí triúr clainne an rí ag imirt cártaí le na leas mháthair. Ní airgead a bhí ghá imirt aca ach geasa. Ghnóthuigh an máthair an chead chluiche, agus dubhairt sí leó go gcaithfheadh siad capaill na gcloigíní á thabhairt leó agus gan a theacht dhá fuireasa. D'imrigheadar cluiche eile agus ghnóthuigh clánn an rígh é, agus chuir siad an leas-mháthair faoí gheasa. Dubhairt siad lé dhul suas ar túr a bhí, sé stóir ar aoirde agus gan aon bhlas a ithe ach an méid a chuireadh an ghaoth isteach in-a béal. Dh'imthigh an triúr clánn an rígh agus ní raibh siad i bhfad ó bhaile nó gur an Gaduidhe Dubh ó Dúbháin leó. D'innis siad de'n ghaduidhe céard a thug an bealach iad. Bhí mise annsin cheana arsa an gaduidhe acht níor éirigh liom, acht má tá aon airgead agat, tiocfaidh mé i n-aonfheacht libh. Dimthigheadar leó agus nuair a bhí siad gar de'n áit a raibh an rígh, dubhairt an gaduidhe leó buidéil poitín a chuir in-a phóca agus sgloigeanaí na mbuidéil a fhágháil aníos, agus leigeann ortha fhéin go raibh siad ina gcodladh. Nuair a(continues on next page)