School: Sgoil Mhuire (An Clochar)

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
  2. XML Page 112
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Tiocfaidh an Samhraidh is fásann féir ¶ Is tuitfidh na duilleabhair ó bharraibh na gcraobh

    (continued from previous page)
    Acht baistfead do leanbh bán dhuit le Congnamh Dé
    Is dhá mbheadh breith ar mo aithmhéal agam-sa ba leat féin mé.
    IV
    Mo bhrón ar an fhairrge is í atá mór
    Tá sí ag dul idir mé's mo mhíle stór
    Do fágadh sa mbaile mé ag déanamh bróin
    'S ní fheicfidh mé mo cumainín ó anocht nios mó.
    V
    Nach deas an sagart é grádh mo chroidhe
    Is nach aoibhinn d'on pobal in a dteidheann sé tríd
    Tá séala Ó Mhuire air, 's brannda ó Chríost
    'S nach aoibhinn do do Dheaidí a rinne bráithrín díot.
    VI
    Tá ceithre fear ficead aca in aon rang amáin
    Sé an fear is deise aca mo mhíle grádh
    Tá blas na meala ar a bhéilín sládh,
    'S go bhfeicidh muid ins na flaithis a chéile Is muid in ár naingle breagha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnaill Ó Loideáin
    Gender
    Male
    Address
    Seanadh Mhóinín, Co. Galway