School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 021
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh sé indon a dhul thairis.
Bhí a fhios go maith ag Pádhraig gur faoi na cloiche sin bheadh an croca óir agus chuir sé an “bóchaill” abhaile i gcoinne bir iarann leis an chloich do bhogadh. Cheap Pádhraig nuair a gheobhadh sé an “Bóchaill” imthighthe go mbeadh an saidhbhreas ar fad aige féin. Thóg sé an cloch agus bhí cana faoí. Bhí firín beag shíos ann agus séard dubhairt sé: “nár dhubhairt mé leat aréir leath de’n saidhbhreas a thabhairt de’n “bhóchaill.” Bheul anois mar gheall ar thú bheadh ró-ghlic ní gheobhadh tú tada,” agus leis sin d’imigh sé as amharc. Tá an rath sin le feicsint go fóill ach tá sé clúdaidhthe le sgeachaibh anois.
I “Leisín na bPáiste san mbaile s’againne bíonn éan mór i gcomhnuidhe ann agus creideann na daoine gur aingeal atá ann ag faireadh. Tá an t-éan níos mó ná smólach agus níos lugha ná préachán. Deireann na sean-daoine go bhfuil an t-éan annsin leis na bliantaibh. - PósaidhtheIs ins an Inid agus in dhiaidh an Charghaois a phósann an chuid is mó des na daoine timcheall na h-áite seo, agus bíonn puis ar na mná nach mbíonn pósta roimh “Domhnach a Phuis”.i. an Domhnach roim Céadaoin na Luaithre.(continues on next page)