School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
![The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 023](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_023.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 023
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 023
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a bhí sé tamaillín beag imthighthe chuala sé ag sgréachghail é, áit ar mharbhuigh gaduighthe é. I gceann cúpla uair a chluig bhuail néal codladh é agus isteach leis i dteach le lóistín d'fhághail. Nuair a chuaidh sé isteach chonnaic sé cailín óg agus sean-fhear ina suí cois na teineadh. Iarr sé lóistín ortha. Nuair a bhí an cailín imthighthe amach séard dubhairt ár gcara leis an sean-fhear: “ An í do inghean í" ? “Ní hí" ars' an sean-fhear "Sí mo bhean í." Chuimhnigh an fear annsin ar an dara cómhairle an mhná. Thosuigh sé ag cur tré a cheann annsin cé'n chaoi a mb’fhearr dó éaladh amach.Leis sin tháinig an cailín isteach agus dubhairt ár gcara go gcodlóchadh sé féin le hais na teineadh ar feadh na h-oidhche. Nuair a chuaidh siad ina gcodladh chuaidh sé amach agus luighe sé faoi'n coca féir. Ní fada a bhí sé annsin gur chuala sé an rí-rá taobh istigh. Ní raibh sé ach imthighthe amach nuair a tháinig fear óg a raibh an cailín i ngrádh leis isteach is mharbhuigh sé an sean-fhear a raibh sí pósta leis. Nuair a chuaidh ár gcara abhaile chonnaic sé a bhean ina luighe ar a leabaidh agus fear mór féasógach ina luighe i leabaidh eile le na h-ais. Síl seisean gur fear eile a tháinig isteach in éanfhacht le na mnaoí. Thóg sé an tuagh chun é a mharbhú nuair cuimhne sé ar an tríomhadh chomhairle. Shuidh sé siar cois na teineadh. Labhair a bhean annsin leis an fear(continues on next page)