School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
![The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 034](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_034.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 034
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 034
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iarraidh leighis do mo chuid faineóchaí," le na linn sin agus gheobhadh sé leigheas uaithe.
Áit Dhiarmada: Deirtear gur chaith Diarmuid Ó Duibhne seal annsin, é féin agus Gráinne.
Caladh Líne: Nuair a bhíodh an líon ag fás ins an áit seo fadó bhíodh na daoine gá dtabhairt go Gaillimh ar bhádaibh ó'n gcaladh le'n é a dhíol. bhíodh muinntir Uí Mháille ag fághail go leor airgid cur lín na ndaoine do chuir treasna na locha.
Túirín: Túir is eadh áit árd in a ghealuightear agus in a thriomuightear líon. Tá túirín in aice le Caladh Líne le go mbeadh sé furasta an líon a thriomuighoís annsin do thabhairt go dtí na báid a bhíodh ina luighe ins an gcaladh. Tá an áit go han deas agus is féidir leat an loch a fheiceáil uaidh mar gheall ar go bhfuil sé go h-an-árd.
Bóithrín Sidheóg: Bóithrín is eadh é sin le aithghiorra a dhéanamh ó Chartúr go Maighcuilinn. Bhí fear ag dul chuig aonach lá roimh eirighe gréine agus rinne sé aithghiorra trí na páirceanna áit a bhfuil an bóithrín anois, agus chonnaic sé cailín ag siubhal na páirce di féin. Anois, ceideann na daoine dá bhfeicfeadh éinne inghean ríogh na sigheóg roimh eirighe gréine go mbeadh an bás gar dó.(continues on next page)