School: Tulach Cadhain (roll number 8446)

Location:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Duibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulach Cadhain
  2. XML Page 040
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dubhairt sí leis dá gcaithfeadh sé an béalbhach go rithfeadh an capaillín chuige agus go sáithfeadh sé a cheann ann.
    do bhí go maith. Fuair sé an buaidh ar an sgolóig mar adubhairt a bhean leis agus fuair sé an capaillín. Ní túisce léim sé air nó léim sé suas san aer ag eitilt leis- go dtáinig sé go dtí an teach. An lá dár gcionn chuaidh sé féin agus an sgológ ag imirt agus do ghnothuigh an sgológ an cluithche an lá seo. "Céard é do rogha ars' Donnchadh." " Sé mo rogha go rachaidh tusa go dtí teach an fhathaigh atá i gCúige Ulaidh. Ta geata mór taobh amuigh dá theach in ionad dorais agus níl le déanamh agat ach léim a thabhairt isteach thar an geata agus clogán atá annsin a bhuaileadh agus léim amach aríst." Rinne sé mar adubhairt a bhean leis ach nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt a bhean leis buaileadh isteach go dtí palás Ríog Ulaidh chomh fada is bhí sé ag dul an bealach agus go mbféifir go dtabharfadh sé cómhairle maith dó. D'imthigh leis ag eitilt san aer leis a'chapaillín go dtáinig sé go dtí pálás Ríogh Uladh. Chuir an Rí fáilte roimhe agus dubhairt sé leis nár tháinig éinne ariamh slán as an teach a raibh sé ag dul. Ar aon chaoi chuaidh sé leis - léim sé leis isteach agus bhuail sé an clogán agus bhí sé ag eitilt amach thar an ngeata aríst
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish