School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
![The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 043](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_043.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 043
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 043
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)béal le fuil circe, gus thug sé páiste an Ríogh leis.
Nuair a tháinig a Rí agus an Bainríoghan abhaile agus nuair a chonnaic (fuil) siad an fuil a bhí ar a bhéal agus an páiste imthighthe séard dubhairt an Bainríoghan "Marbhuigh é an diabhal" ar sise. Bhí an Rí ar tí é a mharbhú nuair a dhearc an onchú suas idir na súile air go fíor-bhrónach agus is beag nár bhris sé croidhe an Ríogh "Ní hé a rinne é, ní hé a rinne é" ar seisean "gheobhfaidh tú é sin amach fós"
Bhí go maith. I gceann cúpla lá bhí an onchú go maith aríst agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag imtheacht ariamh do dtáinig sé go dtí áit in a raibh beirt páiste ag imtheacht peile. D'aithnigh sé ceann díobh- páiste an Ríogh, ach thug sé fobha fé'n ceann eile. Thug seisean buille mór dá chamán dó agus ar an nóiméad d'iompuigheadh go fear óg- Donnchadh -é. Séard a bhí ins an páiste nó mac na sgolóige agus sé an slaitín draoidheachta a bhí mar chamán aige. Sgiob Donnchadh an slaitín uaidh agus thug sé cuaird ar an teach. Chas an sgológ leis agus agus thug sé buille do go n-iompuigheadh go cloich é. Chuaidh sé o seomra go seomra annsin agus cé bheith fá ghlas ach a bhean féin. Annsin bhí an teach is an eastát aige agus mhair sé go sona.