School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
![The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 057](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_057.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 057
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 057
- XML “An Reilig”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mac ba shine la amháin dhul go dtí an reilig ins an oidhche t-éan a mharbhughadh. Ach dubhairt sé go raibh faitchíos air. Dubhairt an bhean leis an mac eile a dhul go reilig agus an t-éan a mharbhughadh. Dubhairt an buachaill sin freisin go mbeadh faitchíos air dhul i n-aice na reilige. Dubhairt sí an rud céadna lais an mbuachaill eile. Dubhairt an buachaill sin go rachadh sé go dtí an reilig dá ngeobhadh sé an claidheamh solais. Thug a mháthair an claidheamh solais dó agus d’imthigh sé go dtí an reilig leis an éan a mharbhugadh.
D’fhan sé annsin ar feadh cúpla uair agus níor tháinig an t-éan an oidhche sin ar chuir ar bith. Chuaidh sé abaile brónach go leor agus an claidheamh solais in-a láimh aige agus gan aon rud déanta aige leis. Nuair a tháinig sé abhaile d’innis sé an sgéal dá mháthair.
Nuair a chuala sí an scéal sin bhí brón uirthi agus dubhairt sí leis go mbeadh air dul go dtí an reilig an oidhche in-a dhiaidh sin. An oidhche ina in-a dhiaidh sin d’imigh sé arís go dtí an reilig acht ní an bealach céadna a chuaidh sé. Chuaid sé bealach eile. Ní raibh sé i bhfad ag an reilig go dtáinig an t-éan ag ithe na gcorp. Tháinig an buachaill taobh thiar de agus bhain sé an ceann de.(continues on next page)