School: Tulach Cadhain (roll number 8446)
- Location:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Duibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulach Cadhain
- XML Page 060
- XML “Fathaigh agus Cailleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fathach air agus chuir béalbhach óir air.
Ar a bhealach abhaile chuir sé cruighte ór ar an each uisge ionnus nach raibh a léithéid le fágháil ar fud an domhain mhóir. Chuir sé go dtí an Fhrainnc, do’n Spáin agus do’n Rúis féin é. Ghnóthaigh sé rástaí i ngach áit.
Lá amháin, chaoi ar bith, bhain ceann dá searbhóntaigh na cruighte de agus bhain sé féin an béalbhach de agus thug sé aon mhór. Léim gur mharbhuigh sé an fathach agus an giolla ar an bpuinnte agus amach leis ins an loch agus amach leis chomh fada agus ar b’fhéidir leis agus ní bhfuair éinne táisg nó tuairisg air ariamh ó shoin.
Ach maidir leis an gcailligh nuair a fuair a fear bás chuaidh sí síos i bpoll mór uisce agus d’fhág sí a spré in-a diaidh agus tugtar Poll a Mhaimín air ó shoin.
Bhí fathach eile ann agus’sé an chaoi go raibh sé i gcómhnuidhe ag fuadach. Lá amháin, chaoi ar bith, bhí an fathach istigh agus tháinig fear isteach agus arsa an fathach leis an bhfear “Tá mé indon an t-órd seo a chaitheadh níos fuide ná thusa.” “Tá go maith” arsa an fear. Thóg an fathach órd mór amach agus bhí an t-órd chomh mór sin gur ar éigean a bhí an fathach féin indon é a iompar ar an(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ó Maidín
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Kilcloggaun, Co. Galway