School: Shindilla (roll number 14285)
- Location:
- Lurgan or Shindilla, Co. Galway
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Shindilla
- XML Page 324
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Laethannta áirithe
Bíonn laethannta na bó riabhaigh ann i dtosach an Aibreáin. Sé an fáth a dtugtar an t-ainm sin ortha mar bhí seanbhó ann fadó agus nuair a bhí an Márta caithte thosaigh sí ag magadh faoi agus ag gabháil a dhá cosa in airde mar shíl sí go raibh sí slánuighthe agus go raibh laethannta breághtha i ndán di. Tháinig na trí chéad lá de Aibreán annsin an-gharbh is go ndeacaidh an bhó lá acu ga bhathadh lá eile gá tarraing agus lá eile ag baint a craiceann dí.
Bíonn lá amadán Aibreán ann ar an gcéal lá de Aibreáin agus bímid ag déanamh amadáin dá chéile ar an lá seo. Seo é an fáth a dtugtar an t-ainm sin air.Bíonn lá chrosta na bliadhna ann i mBealtaine.
Bíonn lá chinn an dá lá déag ann an sémhadh lá de Eanáir. Sé an fáth a dtugtar an t-ainm sin air mar bíonn dá lá déag ann de aimsir an Nodhlag go dtó an sémhadh lá de Eanáir.(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Bhrian
- Gender
- Female
- Address
- Na Doiriú Thuaidh, Co. Galway