School: Leitir Caltha (roll number 13952)
- Location:
- Leitir Calaidh, Co. Galway
- Teacher: Donncha Ó hIarfhlaithe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgéal dhó. Dubhairt sé sin leó gur fearr an fhírinne. Bhain an ceannaidhe mhór na súilibh as an gceannaidhe beag agus chaith sé isteach sa tampall é. Ní raibh sé ibhfad istigh ann, gur táinig trí cat isteach ann. Cé'n sgéal atá ag mamh anocht adeir cat aca. Níl aon sgéal ag mamh mara a bhfhuil aon sgéal ag rígh na gcat. Níl aon sgéal ag rígh na gcat ach go bhfuil inghín an rígh aréir é. Chaith mé ribéací sa mbainne uirthe agus tá sí tínn, agus ní féidir leó í laigheas. Go bhfuigheadh sí braon gan uisce atá sa tampall seo. Nuair d'imthigh na cait amach chuaidh an ceannuigh go dtí an tobar agus nigh sé a shúilibh trí h-uaire le uisce an tobair. Táinig a amharc aige aríst. Tug sé braon de'n uisge leis. Cuaidh sé go dtí inghín an rígh agus thug sé dhí le nól é agus leigheas sé í. Phós an ceannaidhe agus inghín an righ. Fuair sé céad-phúnt ón rígh as ocht a inghean a leigheas. D'imthigh sé leis annsin agus casadh an ceannaidh mór dhó. Cá bhfuair sé na súilibh aríst agus an tairgead. Dubhairt an ceannaigh beag gur sa tampall. Is fearr dhuit na súilibh a bhaint as-amsa a deir an ceannaigh mór Bhain sé na súilibh as an gceannaigh mór agus chaith sé isteach sa tampall é. Ní raibh sé i bfhad istigh ann gur tháinig trí chat isteach ann. Cé'n sgéal ag mamh anocht a deir cat aca. Níl aon sgéal ag mamh mara a bhfhuil aon sgéal ag rígh na gcat. Níl aon sgéal ag rígh na gcat. Ach go raibh duine éigin istigh aréir a thug an sgéal amach mar tá inghean an rígh léigheasta. Ach cuartaí anocht agus(continues on next page)
- Informant
- Miceál Mac Donncadha
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Calaidh, Co. Galway