School: Inistrághamhóir (roll number 15449)
- Location:
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Teachers: Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0068, Page 120
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inistrághamhóir
- XML Page 120
- XML “An Rí agus a Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rígh i n-Éirinn sa tsean aimsir agus bhí sé an t-saidhbhir agus ní raibh aon rud ag déanamh imnídhe do acht cé acha de’n triúr mac a bfágfad sé an ríoghacht aige tar éis a bháis. Triúr mac a bhí aige agus cheap sé nuair a cháillfe é féin go mbeadh an triúr mac ag troid mar gheáll ar an ríoghacht. Lá amháin ghlaoidh sé chuige ar a thriúr mach agus dúbhairt sé leó go gcaithfead sé an cheist seo a réidhteacht. Chuir sé an triúr ag iarraidh mná agus dúbhairt sé leo, an té thiúbhras an bhean is deise annseo is aige san a bhéas an ríoghacht in mo dhiaidh.D’imthigh an triúr mac leó agus sgaradar ó na chéile ag an gcros bhóthar. Chuaidh an mach ba shine soir an dara mac síar agus lean an mac d’bóige an bealach ar aghaidh. Ba iomadh bean uasal a casadh dó acht cheap sé nach mbeadh siad sathach dathamhach lé túbhairt ós cómhair an rígh. Bhí sé ag siubhal go bfacha sé solas sgathamh uaidh agus rinne sé air. Chuaidh sé isteach agus ní raibh aon duine roimhe acht ní fada bhí sé istigh go dtáinig dhá cat dhubha isteach(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Chonghaola
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Chonghaoile
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- Inis Treabhair, Co. Galway