Scoil: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail (uimhir rolla 4062)

Suíomh:
Listowel, Co. Kerry
Múinteoirí:
Bríd Nic Oscair An tSr. Íde An tSr. Muire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0405, Leathanach 356

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0405, Leathanach 356

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail
  2. XML Leathanach 356
  3. XML “Fothracha - Lios Uí Gharmhaic”
  4. XML “Fothracha - Caisleán Ghleann na Leapan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ach gur ar a súile a bhí sé. Ach nuair bhíodar díreach ós cómhair an leasa amach d'fhéachadar isteach agus thugadar fé ndeara trí búird agus iad gléasta go h-áluinn - ceann aca leagtha i gcóir breacfasta, ceann i gcóir an dinnéir & ceann i gcóir an tsúipéir. Níor fhéadadar rud ar bith eile d'fheisgint. Tháinig scannradh ortha & ritheadar le'n a n-anama. Gach duine a bhí ag dul thar an áit an oidhche sin, b'éigin dó filleadh & bóthar eile a thabhairt air féin.
    Siobhán Ní Connaill- paíste scoile )
    Fuair sí an scéal ón a h-athair Micheál Ó Connaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá fothrach sean-chaisleáin ann ar thalamh a bhaineann le muinntir Sandes. Gairid do Mágh Mheán atá Gleann na Leabhtan suidhte. Tá trí puill le feisgint ins na fallaí & deirtear go ndeintí leanbhaí leicthe do tharrac tré's na puill sin. Bhí poll spéisialta ann agus dá ndeintí leanbh mar sin do tharrach tríd leigheasfaí é láithreach & ní bhéadh aon chómhacht ag an sluagh sídhe ar feasta. Mairin de barra - paiste scoile, Doire, Liostuathail.
    fuair sí an sceál ón a h-uncail Tomás De Barra 26.5.37
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    2. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín de Barra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Derry, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Tomás de Barra
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann