School: Cloigeann
- Location:
- Cleggan, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloigeann
- XML Page 304
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)hAille anois. Do bhí scoil i n-Imloch i dteach agus do chuaidh an múinteóir síos go Ros a Dilisg i dteach eile. Do bhí daoine ina gcomhnaidhe ins na tighthe sin. Do bhí scoil eile i gCluain agus do bhí ceann eile fós i nEachros.
Do bhí fear darbh ainm Mac Gibbiún agus bean darbh ainm Miss Ball ag muineadh ins an scoil a bhí i n-Imloch. Stróinséirí a bhí ionnta. Do bhí Samuel Frayer ann ag tabhairt amach bhíd. Bhí siad ag iarraidh na Caitilicigh a mheallad chun scoile díobh agus thugaidís éadaighe agus biadh dóibh muna ghlachfadh na Caitilicigh iad. Duine ó'n gceanntar a bhí ann. Do bhí fear darbh ainm Millea agus fear eile darbh ainm Ó Conaill ag múineadh in an ceann a bhí sa mBaile Nua. Do bhí feár darbh ainm Booth agus fear agus a inghean darbh ainm Mc Cárthaigh ag múineadh ins an ceann a bhí i mBárr na hAille. Fear darbh ainm Crusheen a bhí ag múineadh ins an ceann a bhí i nOileán Iomaidh. Dia Domnaigh dá raibh é féin agus daoine eile ag teacht amach as Iomaidh ag dul go a dteampaill a bhí sa Selerna in aice le teach an tsagairt anois do casad na Caitilicigh a bhí ag dul ar aifreann ortha. Do bhí beirt phóiliní ag teacht le Crusheen ag tabhairt aire dó. Do tosuigh troid eatortha agus bhí na phóiliní ag iarraidh iad a chur cun suaimhnis agus do mharbhúigeadh duine aca(continues on next page)- Collector
- Íde Ní Thuathail
- Gender
- Female
- Address
- Moorneen, Co. Galway
- Informant
- Brighid Bean Uí Clochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Moorneen, Co. Galway